Morgan Creative
  • Home
  • Contact

Dúirt duine críonna linn tráth go mba chóir do scannán trí rud a chur ar fáil:

Siamsaíocht, Oideachas, Draíocht.
​

Thaitin sé chomh mór linn gurb é ár ráiteas misin é.
Is é Morgan Creative cuideachta Luke agus Jake Morgan. Tá saineolas againn ar léiriúchán closamhairc. Tá an fhoireann, an trealamh, an fuinneamh agus na hacmhainní againn chun do scéal a insint – cibé rud a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanann muid freastal ar gach leibhéal buiséid. Téigh i dteagmháil linn inniu agus lig dúinn cabhrú leat le do chuid riachtanas closamhairc ar fad.


Ag súil le cloisteáil uait,
Picture

SCANNÁN

Creidimid i gcumhacht aghaidheanna chun scéalta a insint, croíthe a ardú agus intinní a leathnú. Aghaidheanna gairmiúla, nó beagán níos pearsanta. Lig dúinn d’aghaidh a chruthú, a fhrámú agus a thaispeáint. Roghnaigh foireann a bhfuil an taithí, na duaiseanna, na cliaint, an paisean agus an chruthaitheacht acu. Roghnaigh Morgan Creative.
Picture

Picture

Luke

Seo grianghraf de Luke óg agus a chéad cheamara físe ina lámh aige. Inniu, is scríbhneoir agus stiúrthóir é a bhfuil duaiseanna bainte amach aige. Taispeánadh a chuid scannán ar fud an domhain. Chomh maith le bheith ag déanamh scannán, d’fhoilsigh Arlen House Press an chéad chnuasach fílíochta de chuid Luke “Honest Walls” in 2016. Ainmníodh é mar Dhuine Óg Sármhaith na Bliana JCI in 2017 de bharr an méid a bhí déanta aige do na hEalaíona ina bhaile dúchais, Gaillimh, Éire.

Jake

Seo grianghraf de leanbh Jake lena chéad liúit. Is cumadóir é Jake inniu. Tá scóir scríofa aige don iliomad scannán a bhuaigh duaiseanna. D’fhoghlaim Jake a cheird ó na cumadóirí is fearr. I measc a chuid meantóirí roimhe seo bhí fathaigh mhóra an tionscail; Maestra Cecilia Weston (Moulin Rouge, Love Actually), Pete Anthony (The Hunger Games, Dumbo le Disney), agus Christopher Young (Spiderman 3, The Exorcist). Tá céim mháistreachta ag Jake i gCumadóireacht don Scáileán ó Ollscoil Dhún Éideann. (Thug sé na cosa leis ó chéim baitsiléara – nach air a bhí an t-ádh!)
Picture

© COPYRIGHT 2020. ALL RIGHTS RESERVED
​Business Registration #: 618151.
Cathedral Buildings, Abbeygate Street Lower, Galway, H91 R99K

  • Home
  • Contact